LGTBQ colours and AerachAiteachGaelach text

Féile AerachAiteachGaelach

Tá pobal aiteach na Gaeilge ag dul ó neart go neart. Cuireann AerachAiteachGaelach fáilte roimh chách ag Féile na gCúig Lampa!

Tá pobal aiteach na Gaeilge ag dul ó neart go neart agus cuireann AerachAiteachGaelach fáilte mhór roimh an bpobal go léir, idir aiteach agus díreach, a bheith linn ag Féile na gCúig Lampa!

Mar chuid den fhéile, bainfidh muid spraoi as:

sraith ceardlann spraíúil agus suimiúil:

Dé Sathairn, 11 Aibreán

• Ceardlann Filíochta le Ciara Ni É 11:00-13:00
• Ceardlann ar an Scéalaiocht Thraidisiúnta 14:00-16:00
• An Cluiche Snatch – Comórtas Draig Grinn 20:00-22:00

Dé Domhnaigh, 12 Aibreán

• Ceardlann ar an Amhránaíocht ar an Sean-Nós le Séamus Ó Flatharta 12:00-14:00
• Cum Amhrán le Sexy Tadhg 14:30-17:00
• Tar ag damhsa ó Éirinn go dtí an Bhrasaíl 18:00-21:00

Deis is ea é seo le heolas a chur ar na healaíona teangabhunaithe, aithne a chur an bpobal agus craic a bheith agat trí Ghaeilge i spás sábháilte.

Roghanna maidir le Ticéid

Is ticéad é seo don chlár dhá lá ina mbeidh 6 imeacht san iomlán (3 cinn Dé Sathairn, 11 Aibreán, agus 3 cinn eile Dé Domhnaigh, 12 Aibreán). Is féidir €10 a íoc chun freastal ar na himeachtaí aonair, nó an Pas Deireadh Seachtaine seo (€50) a cheannach, a ligfidh duit freastal ar imeachtaí uile AerachAiteachGaelach i rith an deireadh seachtaine.

Má tá sé i gceist agat freastal ar chúpla imeacht le AAG, gheobhaidh tú an luach is fearr ar an bPas Deireadh Seachtaine.

Mar gheall ar an gcaoi a n-oibríonn Eventbrite, tá an Pas Deireadh Seachtaine liostáilte mar imeacht Eventbrite ar leith.

Tabhair do d’aire: Má cheannaíonn tú an Pas Deireadh Seachtaine, ní gá duit aon ticéad eile a cheannach le haghaidh imeachtaí aonair AAG, tharla go bhfuil imeachtaí uile AAG ar fad san áireamh sa phas. Tá lascaine 20% ar fáil le haghaidh bhaill de chuid AerachAiteachGaelach.

**Is trí mheán na Gaeilge a chuirfear gach imeacht ar siúl. Beidh an damhsa ar siúl i nGaeilge agus i bPortaingéilis.

Date

Apr 11 - 12 2026

Time

11:00 - 21:00

More Info

Book Here

Location

The Sue Ryder Foundation Charity Shop

Other Locations

Cathal Brugha FET (Fomer Marino College)
171 North Strand Road, Dublin, 1
The Annesley House
70 North Strand Road, Dublin, D03 K8P4

Organizer

The Five Lamps Arts Festival
Phone
+353 879737401
Email
contact@fivelampsarts.ie
Book Here

Join our mailing list!

Sign up now to receive news on upcoming events, new merch releases, and more.