smiling man with short dark hair and a patterned grey and black shirt holds a traditional metal Irish tin whistle, against a background of sparkling hanging bulb lights and a modern balcony.

Ceardlann ar an Sean-Nós le Séamus Ó Flatharta

Sean-nós Singing Workshop through Irish

Is amhránaí den scoth é Séamus Ó Flathartaagus tá muid ar bís go mbeidh sé linn i mBaile Átha Cliath chun ceird an tsean-nóis a mhúineadh dúinn sa cheardlann seo. Tar chugainn chun cúpla amhrán ar an sean-nós a fhoghlaim. Cuirfear na focail ar fáil agus múinfidh Séamus na foinn dúinn.

Clár Deireadh Seachtaine

Dé Sathairn, 11 Aibreán

• Ceardlann Filíochta le Ciara Ni É 11:00-13:00
• Ceardlann ar an Scéalaiocht Thraidisiúnta14:00-16:00
• An Cluiche Snatch – Comórtas Draig Grinn20:00-22:00

Dé Domhnaigh, 12 Aibreán

• Ceardlann ar an Amhránaíocht ar an Sean-Nós le Séamus Ó Flatharta 12:00-14:00
• Cum Amhrán le Sexy Tadhg14:30-17:00
• Tar ag damhsa ó Éirinn go dtí an Bhrasaíl18:00-21:00

Roghanna maidir le Ticéid

Is cuid é an t-imeacht seo de chlár dhá lá ina mbeidh 6 imeacht san iomlán (3 cinn Dé Sathairn, 11 Aibreán, agus 3 cinn eile Dé Domhnaigh, 12 Aibreán). Is féidir €10 a íoc as an imeacht aonair seo nó is féidir an Pas Deireadh Seachtaine (€50) a cheannach, rud a ligfidh duit freastal ar imeachtaí uile AerachAiteachGaelach i gcaitheamh an deireadh seachtaine.

Má tá sé i gceist agat freastal ar chúpla imeacht le AAG, gheobhaidh tú an luach is fearr ar an bPas Deireadh Seachtaine.

Mar gheall ar an gcaoi a n-oibríonn Eventbrite, tá an Pas Deireadh Seachtaine liostáilte mar imeacht Eventbrite ar leith.

Tabhair do d’aire: Má cheannaíonn tú an Pas Deireadh Seachtaine, ní gá duit aon ticéad eile a cheannach le haghaidh imeachtaí aonair AAG, tharla go bhfuil imeachtaí uile AAG ar fad san áireamh sa phas. Tá lascaine 20% ar fáil le haghaidh bhaill de chuid AerachAiteachGaelach.

**Is trí mheán na Gaeilge a chuirfear gach imeacht ar siúl. Beidh an damhsa ar siúl i nGaeilge agus i bPortaingéilis.

 

 

Date

Apr 12 2026
Expired!

Time

12:00 - 14:00

More Info

Book Here

Location

Cathal Brugha FET (Fomer Marino College)
171 North Strand Road, Dublin, 1

Organizer

The Five Lamps Arts Festival
Phone
+353 879737401
Email
contact@fivelampsarts.ie

Join our mailing list!

Sign up now to receive news on upcoming events, new merch releases, and more.