Gemini said A vibrant poster featuring a pineapple wearing sunglasses with the text 'an cluiche snatch' (meaning 'the game snatch') in pink.

An Cluiche Snatch – Comórtas Draig Grinn

Poetry Workshop through Irish

Drag Competition

Comórtas grinn draig! Is cluiche spraíúil é an Cluiche Snatch (bunaithe ar an ‘Snatch Game’ ó RuPaul’s Drag Race) ina ngléasann rannpháirtithe mar dhaoine cáiliúla agus ina bhfreagraíonn siad ceisteanna éadroma seafóideacha. Bainfidh an t-iomaitheoir is fearr duais €300! Labhair le aerach.aiteach.gaelach@gmail.com le dul san iomaíocht tú féin.

Clár Deireadh Seachtaine

Dé Sathairn, 11 Aibreán

• Ceardlann Filíochta le Ciara Ni É 11:00-13:00
• Ceardlann ar an Scéalaiocht Thraidisiúnta 14:00-16:00
• An Cluiche Snatch – Comórtas Draig Grinn 20:00-22:00

Dé Domhnaigh, 12 Aibreán

• Ceardlann ar an Amhránaíocht ar an Sean-Nós le Séamus Ó Flatharta 12:00-14:00
• Cum Amhrán le Sexy Tadhg 14:30-17:00
• Tar ag damhsa ó Éirinn go dtí an Bhrasaíl 18:00-21:00

Deis is ea é seo le heolas a chur ar na healaíona teangabhunaithe, aithne a chur an bpobal agus craic a bheith agat trí Ghaeilge i spás sábháilte.

Roghanna maidir le Ticéid

Is ticéad é seo don chlár dhá lá ina mbeidh 6 imeacht san iomlán (3 cinn Dé Sathairn, 11 Aibreán, agus 3 cinn eile Dé Domhnaigh, 12 Aibreán). Is féidir €10 a íoc chun freastal ar na himeachtaí aonair, nó an Pas Deireadh Seachtaine seo (€50) a cheannach, a ligfidh duit freastal ar imeachtaí uile AerachAiteachGaelach i rith an deireadh seachtaine.

Má tá sé i gceist agat freastal ar chúpla imeacht le AAG, gheobhaidh tú an luach is fearr ar an bPas Deireadh Seachtaine.

Mar gheall ar an gcaoi a n-oibríonn Eventbrite, tá an Pas Deireadh Seachtaine liostáilte mar imeacht Eventbrite ar leith.

Tabhair do d’aire: Má cheannaíonn tú an Pas Deireadh Seachtaine, ní gá duit aon ticéad eile a cheannach le haghaidh imeachtaí aonair AAG, tharla go bhfuil imeachtaí uile AAG ar fad san áireamh sa phas. Tá lascaine 20% ar fáil le haghaidh bhaill de chuid AerachAiteachGaelach.

**Is trí mheán na Gaeilge a chuirfear gach imeacht ar siúl. Beidh an damhsa ar siúl i nGaeilge agus i bPortaingéilis.

Date

Apr 11 2026
Expired!

Time

20:00 - 22:00

More Info

Book Here

Location

The Annesley House
70 North Strand Road, Dublin, D03 K8P4

Organizer

The Five Lamps Arts Festival
Phone
+353 879737401
Email
contact@fivelampsarts.ie

Join our mailing list!

Sign up now to receive news on upcoming events, new merch releases, and more.