A portrait photograph of a woman with dark hair in an updo and an off-white embroidered dress with green accents, against a warm background.

Ceardlann Filíochta le Ciara Ní É

Poetry Workshop through Irish

Tá ceol agus rithim na filíochta agus an ceangal leis an gcluas chomh tábhachtach céanna le híomhánna agus focail an fhile ar phár. Sa cheardlann seo pléifidh Ciara Ní É gach a mbaineann le cur i láthair dánta agus cabhróidh sí leis na rannpháirtithe teacht ar a stíl shainiúil féin. Croch leat cúpla dán le léamh, agus bí réidh le haiseolas a thabhairt is a fháil! Is file, gníomhaí agus craoltóir í Ciara Ní É. Is í Ciara bunaitheoir na hoíche mic oscailte REIC.

Clár Deireadh Seachtaine

Dé Sathairn, 11 Aibreán

• Ceardlann Filíochta le Ciara Ni É 11:00-13:00
• Ceardlann ar an Scéalaiocht Thraidisiúnta 14:00-16:00
 An Cluiche Snatch – Comórtas Draig Grinn 20:00-22:00

Dé Domhnaigh, 12 Aibreán

• Ceardlann ar an Amhránaíocht ar an Sean-Nós le Séamus Ó Flatharta 12:00-14:00
• Cum Amhrán le Sexy Tadhg 14:30-17:00
• Tar ag damhsa ó Éirinn go dtí an Bhrasaíl 18:00-21:00

Deis is ea é seo le heolas a chur ar na healaíona teangabhunaithe, aithne a chur an bpobal agus craic a bheith agat trí Ghaeilge i spás sábháilte.

Roghanna maidir le Ticéid

Is ticéad é seo don chlár dhá lá ina mbeidh 6 imeacht san iomlán (3 cinn Dé Sathairn, 11 Aibreán, agus 3 cinn eile Dé Domhnaigh, 12 Aibreán). Is féidir €10 a íoc chun freastal ar na himeachtaí aonair, nó an Pas Deireadh Seachtaine seo (€50) a cheannach, a ligfidh duit freastal ar imeachtaí uile AerachAiteachGaelach i rith an deireadh seachtaine.

Má tá sé i gceist agat freastal ar chúpla imeacht le AAG, gheobhaidh tú an luach is fearr ar an bPas Deireadh Seachtaine.

Mar gheall ar an gcaoi a n-oibríonn Eventbrite, tá an Pas Deireadh Seachtaine liostáilte mar imeacht Eventbrite ar leith.

Tabhair do d’aire: Má cheannaíonn tú an Pas Deireadh Seachtaine, ní gá duit aon ticéad eile a cheannach le haghaidh imeachtaí aonair AAG, tharla go bhfuil imeachtaí uile AAG ar fad san áireamh sa phas. Tá lascaine 20% ar fáil le haghaidh bhaill de chuid AerachAiteachGaelach.

**Is trí mheán na Gaeilge a chuirfear gach imeacht ar siúl. Beidh an damhsa ar siúl i nGaeilge agus i bPortaingéilis.

Date

Apr 11 2026
Expired!

Time

11:00 - 13:00

More Info

Book Here

Location

The Sue Ryder Foundation Charity Shop

Organizer

The Five Lamps Arts Festival
Phone
+353 879737401
Email
contact@fivelampsarts.ie

Join our mailing list!

Sign up now to receive news on upcoming events, new merch releases, and more.